4 Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”
5 Thomhais sé balla an Teampaill, a bhí sé bhanlámh ar tiús. Bhí na taobhsheomraí thart timpeall an Teampaill ceithre bhanlámh ar leithead.
6 Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill.
7 Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t‑urlár ar barr tríd an urlár láir.
8 Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann.
9 Bhí tiús cúig bhanlámh i mballa seachtrach na dtaobh sheomraí agus cúig bhanlámh sa chuid den phábháil a fágadh oscailte.
10 Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill.