8 Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann.
9 Bhí tiús cúig bhanlámh i mballa seachtrach na dtaobh sheomraí agus cúig bhanlámh sa chuid den phábháil a fágadh oscailte.
10 Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill.
11 Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall.
12 An foirgneamh os comhair chlós seo an Teampaill ar an taobh thiar, bhí sé seachtó banlámh ar leithead agus nócha banlámh ar fad, agus bhí tiús cúig bhanlámh i mballa an fhoirgnimh thart timpeall.
13 Thomhais sé fad an Teampaill, a bhí céad banlámh; agus fad an chlóis agus an foirgneamh lena bhallaí, a bhí céad banlámh;
14 agus leithead aghaidh an Teampaill agus an chlóis thoir, a bhí céad banlámh.