16 Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
17 Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
18 Thomhais sé an taobh theas; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
19 Thomhais sé an taobh thiar; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais.
20 Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta.