2 Bhí siad céad banlámh ar fad, ag dul ó thuaidh, agus caoga banlámh ar leithead.
3 In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu.
4 Bhí cosán isteach os comhair na seomraí a bhí deich mbanlámh ar leithead agus céad banlámh ar fad; d'oscail na doirse ó thuaidh.
5 Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.
6 Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár.
7 Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad.
8 Bhí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí caoga banlámh ar fad, agus na cinn ar aghaidh an Teampaill, bhí siad céad banlámh.