1 Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir.
2 Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir.
3 Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.
4 Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir.