10 “A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí.
11 Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.
12 Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”
13 Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh - tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t‑imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra:
14 ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead.
15 Beidh leac na haltóra ceithre bhanlámh ar airde agus beidh ceithre adharc ag síneadh in airde ón leac.
16 Beidh leac na haltóra cearnógach, dhá bhanlámh déag ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead.