22 An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh.
23 Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad.
24 Tabharfaidh tú iad i láthair an Tiarna agus croithfidh na sagairt salann orthu agus ofrálfaidh siad don Tiarna mar íobairt dhóite iad.
25 Ar feadh seacht lá caithfidh tú gabhar fireann a sholáthar gach lá d'íobairt pheaca; ní foláir freisin tarbh agus reithe gan smál ón tréad a ofráil.
26 Ar feadh seacht lá déanfaidh siad leorghníomh ar son na haltóra; glanfaidh siad í agus beidh sí coisricthe.
27 Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”