5 Thóg an spiorad mé agus thug isteach sa chúirt inmheánach mé; agus féach, líon glóir an Tiarna an Teampall.
6 Bhí fear ina sheasamh taobh liom agus chuala mé duine ag labhairt liom ón Teampall amach.
7 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,
8 ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais m'ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m'ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach.
9 As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách.
10 “A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí.
11 Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.