1 Thug sé ar ais mé ansin go geata seachtrach an tsanctóra a fhéachann soir. Bhí sé dúnta.
2 Dúirt an Tiarna liom: “Coimeádfar an geata seo dúnta. Ní osclófar é agus ní rachaidh aon duine tríd ó ghabh an Tiarna, Dia Iosrael, tríd. Dá bhrí sin coimeádfar dúnta é.
3 Ceadófar don phrionsa amháin, áfach, suí ann lena bhéile a chaitheamh i láthair an Tiarna. Rachaidh sé isteach agus fágfaidh sé trí phóirse an gheata.”
4 Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D'amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh.
5 Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n‑insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu.
6 Abair le ceannaircigh mhuintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: A mhuintir Iosrael, bíodh deireadh le bhur n‑imeachtaí gránna uile,