12 De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n‑íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n‑aghaidh - an Tiarna Dia a labhraíonn - go n‑iompróidh siad ualach a bpeaca.
13 Ní bheidh cead acu triall orm arís chun gnó sagairt a dhéanamh liom, ná teacht in aice leis na nithe naofa liom ná na nithe rónaofa; ach beidh siad faoi náire ag na nithe gránna a rinne siad.
14 Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh.
15 “Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom - an Tiarna Dia a labhraíonn.
16 Beidh cead isteach i mo shanctóir acu agus triallfaidh siad ar mo thábla le freastal orm; comhlíonfaidh siad mo liotúirge.
17 Nuair a rachaidh siad isteach geataí na cúirte inmheánaí gléasfaidh siad in éide lín; ní bheidh aon olann orthu ag freastal dóibh ag geataí na cúirte inmheánaí agus istigh.
18 Caithfidh siad turbain lín ar a gcinn agus bríste lín ar a leasrach; ní chríoslóidh siad iad féin le haon ábhar a thugann allas.