17 Nuair a rachaidh siad isteach geataí na cúirte inmheánaí gléasfaidh siad in éide lín; ní bheidh aon olann orthu ag freastal dóibh ag geataí na cúirte inmheánaí agus istigh.
18 Caithfidh siad turbain lín ar a gcinn agus bríste lín ar a leasrach; ní chríoslóidh siad iad féin le haon ábhar a thugann allas.
19 Ar imeacht amach dóibh chuig pobal na cúirte seachtraí bainfidh siad díobh na héadaí ina ndearna siad freastal agus fágfaidh iad sna seomraí sa sanctóir; gléasfaidh siad in éadaí eile ar eagla go naomhóidís an pobal lena n‑éadaí.
20 Ní bhearrfaidh siad a gcinn ná ní ligfidh siad fás fada faoina bhfolt; gearrfaidh siad é go measartha.
21 Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach.
22 Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.
23 Teagascfaidh siad do mo phobal rud naofa a aithint thar rud coitianta, an difear idir glan agus neamhghlan.