20 Ní bhearrfaidh siad a gcinn ná ní ligfidh siad fás fada faoina bhfolt; gearrfaidh siad é go measartha.
21 Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach.
22 Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.
23 Teagascfaidh siad do mo phobal rud naofa a aithint thar rud coitianta, an difear idir glan agus neamhghlan.
24 Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.
25 Ní thiocfaidh siad in aice le corpáin ar eagla go ndéanfaí neamhghlan iad; ach ar son athar nó máthar, ar son mic nó iníne, ar son dearthár nó deirféar nach bhfuil pósta, tá cead acu bheith neamhghlan.
26 Nuair a ghlanfar fear acu fanfaidh sé seacht lá;