23 Teagascfaidh siad do mo phobal rud naofa a aithint thar rud coitianta, an difear idir glan agus neamhghlan.
24 Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.
25 Ní thiocfaidh siad in aice le corpáin ar eagla go ndéanfaí neamhghlan iad; ach ar son athar nó máthar, ar son mic nó iníne, ar son dearthár nó deirféar nach bhfuil pósta, tá cead acu bheith neamhghlan.
26 Nuair a ghlanfar fear acu fanfaidh sé seacht lá;
27 ansin an lá a dtéann sé isteach sa chúirt inmheánach chun freastal sa sanctóir, ofrálfaidh sé a íobairt pheaca - an Tiarna Dia a labhraíonn.
28 Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.
29 Íosfaidh siad an abhlann, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh; gach rud a chuirtear faoin mbang in Iosrael beidh sé acusan.