5 Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n‑insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu.
6 Abair le ceannaircigh mhuintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: A mhuintir Iosrael, bíodh deireadh le bhur n‑imeachtaí gránna uile,
7 ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.
8 In ionad bhur ndualgais dom a chomhlíonadh sa sanctóir thug sibh cúram mo dhualgas do choimhthígh.
9 Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.
10 “Na Léivítigh a thréig mé agus a chuaigh ar seachrán i bhfad uaim i ndiaidh a n‑íol nuair a chuaigh Iosrael ar seachrán, iompróidh siad ualach a bpeacaí féin.
11 Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal.