1 “Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.
2 Beidh cearnóg chúig chéad banlámh de seo don sanctóir agus spás oscailte caoga banlámh timpeall air.
3 As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa.
4 Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir.