22 An lá sin ofrálfaidh an prionsa tarbh óg mar íobairt pheaca dó féin agus do phobal uile na tíre.
23 Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca.
24 Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá.
25 “Don fhéile a thiteann ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, déanfaidh sé mar an gcéanna ar feadh seacht lá, ag soláthar d'íobairtí peaca, d'íobairtí dóite, d'abhlann agus d'ola.”