4 Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir.
5 Roinn eile, cúig mhíle banlámh ar fad agus deich míle banlámh ar leithead, beidh sé mar láthair dá mbailte cónaithe ag na Léivítigh a fhreastalaíonn sa Teampall.
6 Le hais na ranna a bhaineann leis an sanctóir tabharfaidh sibh don chathair mar ghabháltas cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad; beidh seo ag muintir Iosrael uile.
7 “Beidh roinn ag an bprionsa ar an dá thaobh de fhearann an tsanctóra agus de ghabháltas na cathrach, ar aon teorainn le fearann an tsanctóra agus le gabháltas na cathrach siar agus soir, ar aon fhad le roinn treibhe agus ag síneadh ó theorainn thiar go teorainn thoir na tíre.
8 Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna.
9 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa - an Tiarna Dia a labhraíonn.
10 Bíodh scálaí cothroma agaibh, éafá cothrom agus bat cothrom.