1 “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua;
2 rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna.
3 Adhrfaidh pobal na tíre ag béal an gheata i láthair an Tiarna ar shabóidí agus ar laethanta na ré nua.
4 Sé uan gan smál agus reithe gan smál a bheidh san íobairt dhóite a ofrálfaidh an prionsa don Tiarna lá na sabóide.
5 Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.