10 Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.
11 Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá.
12 Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.
13 Ofrálfaidh sé uan bliana gan smál mar íobairt dhóite don Tiarna gach lá; ofrálfaidh sé seo gach maidin.
14 Ofrálfaidh sé chomh maith gach maidin an séú cuid d'éafá agus an tríú cuid de hín ola le meascadh leis an bplúr. Sin tabhartas don Tiarna, deasghnáth buan síoraí.
15 Mar sin a dhéanfar an t‑uan agus an íobairt bhia agus an ola a sholáthar, maidin i ndiaidh maidine mar íobairt dhóite go brách.
16 “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.