16 “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.
17 Ach má bhronnann sé cuid dá oidhreacht ar dhuine dá sheirbhísigh beidh sí aige go bliain na saoirse amháin agus fillfidh ansin ar an bprionsa. Ní choinneoidh aon duine cuid den oidhreacht ach an chlann mhac amháin.
18 Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”
19 Thug sé isteach mé ansin tríd an mbealach a bhí ag taobh an gheata thuaidh go dtí na seomraí sa sanctóir a bhain leis na sagairt. Chonaic mé áit ansin siar uaim ag deireadh.
20 Dúirt sé liom: “Seo é an áit a mbruithfidh na sagairt an íobairt leorghnímh agus an íobairt pheaca, agus a mbacálfaidh siad an abhlann ionas nach mbeidh orthu iad a bhreith leo amach sa chúirt sheachtrach agus an pobal a naomhú.”
21 Rug sé amach sa chúirt sheachtrach mé agus thug orm dul go ceithre chúinne na cúirte; agus i ngach cúinne den chúirt bhí clós.
22 Sna ceithre chúinne den chúirt bhí ceithre chlós, a bhí daichead banlámh ar fad agus daichead banlámh ar leithead. Bhí siad ceathrar ar aon mhiosúr.