5 Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.
6 Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál.
7 Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.
8 “Ar dhul isteach don phrionsa rachaidh sé trí phóirse an gheata isteach agus fágfaidh sé an bealach céanna.
9 Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.
10 Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.
11 Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá.