1 Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill - bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t‑uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir.
2 Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t‑uisce ag sceitheadh soir.
3 Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t‑uisce go murnán orm.
4 Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.
5 Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.
6 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.
7 Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn.