15 Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad,
16 Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán.
17 Sínfidh an teorainn ón bhfarraige go Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce agus ar theorainn Hamát ó thuaidh fosta. Sin é an teorainn thuaidh.
18 Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir.
19 Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.
20 Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.
21 Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael.