20 Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.
21 Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael.
22 Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael.
23 Tabharfaidh sibh a n‑oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé - an Tiarna Dia a labhraíonn.”