4 Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t‑uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t‑uisce go leasrach orm.
5 Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.
6 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú?” Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann.
7 Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn.
8 Dúirt sé: “Sileann an t‑uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr.
9 Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t‑uisce agus go mbíonn an t‑anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.
10 Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.