7 Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn.
8 Dúirt sé: “Sileann an t‑uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr.
9 Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t‑uisce agus go mbíonn an t‑anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.
10 Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.
11 Ní thiocfaidh úire sna riasca agus sna bogaigh; fágfar iadsan ina sáile.
12 Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”
13 “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.