11 Is do na sagairt choisricthe é sin, do mhic Zádóc a chomhlíon a ndualgais dom agus nár imigh ar seachrán nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán, amhail na Léivítigh.
12 Gheobhaidh siad roinn as roinn rónaofa na tíre ar aon teorainn le fearann na Léivíteach.
13 Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle.
14 Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna.
15 “An fuílleach, cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle is fiche ar fad, is le haghaidh na cathrach é, le haghaidh tithe cónaithe agus páirceanna. Beidh an chathair i lár báire;
16 agus seo mar a thomhaisfear í: ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thuaidh, ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh theas; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thoir; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thiar.
17 Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar.