22 Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin.
23 “Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin.
24 Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon.
25 Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár.
26 Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.
27 Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád.
28 Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.