23 “Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin.
24 Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon.
25 Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár.
26 Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.
27 Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád.
28 Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.
29 Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.