32 Ar an taobh thoir, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Iósaef, geata Bhiniáimin, geata Dhán.
33 Ar an taobh theas, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Shimeon, geata Íosácár, geata Zabúlun.
34 Ar an taobh thiar, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Ghád, geata Áiséar, geata Naftáilí.
35 Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”