4 Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise.
5 Ar aon teorainn le Manaise, anoir siar, roinn amháin do Eafráim.
6 Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen.
7 Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá.
8 Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.
9 “Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead.
10 Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire.