1 Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.
3 Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda.
4 Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol.