2 “A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.
3 Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda.
4 Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol.
5 Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n‑íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n‑altóirí.
6 Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal.
7 Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8 “Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.