6 Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal.
7 Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8 “Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.
9 Ansin cuimhneoidh siadsan a d'éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir.
10 Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t‑olc seo orthu.”
11 Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.
12 An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu.