20 Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.
21 Tabharfaidh mé ar láimh iad do na coimhthígh mar chreach, do bhithiúnaigh na tíre mar éadáil; agus truailleoidh siad iad.
22 Iompóidh mé m'aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é.
23 “Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.
24 Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n‑áiteanna naofa.
25 Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil.
26 Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir.