11 Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.
12 Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”
13 Dúirt sé liom fosta: “Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós ar siúl acu.”
14 Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz.
15 Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
16 Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.
17 Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.