3 Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.
4 Agus féach, bhí glóir Dé Iosrael ansin mar an fhís a chonaic mé sa ghleann.
5 Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.
6 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
7 Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.
8 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, tochail sa bhalla.” Ar thochailt dom chonaic mé doras.
9 Dúirt sé liom: “Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.”