5 Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” D'ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.
6 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
7 Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla.
8 Dúirt sé liom: “A mhic an duine, tochail sa bhalla.” Ar thochailt dom chonaic mé doras.
9 Dúirt sé liom: “Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.”
10 D'imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird.
11 Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.