2 Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D'imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis.
3 D'ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.
4 Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”
5 Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: “Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire.
6 Maraígí ar áit na mbonn idir fhir - sean agus óg - agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d'aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
7 Dúirt sé leo ansin: “Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.” D'imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.
8 Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: “A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d'Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?”