Irimia 1 ABN

Teideal

1 Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.

2 Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.

3 Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.

Fáistiní in Aghaidh Iúdá agus Iarúsailéim

Glao Irimia

4 Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:

5 “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;sular rugadh thú choisric mé thú;d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”

6 Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”

7 Ach dúirt an Tiarna liom:“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.

8 Ná bíodh faitíos ort rompu,óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,is é an Tiarna a labhraíonn.”

9 Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,

10 a réabadh aníos agus a leagan síos,a mhilleadh agus a scriosadh,a thógáil agus a phlandú.”

11 Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise.

12 Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.”

13 Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.”

14 Ansin dúirt an Tiarna:“Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;

15 óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoiri mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird,agus in aghaidh bailte uile Iúdá.

16 Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidhi ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad misechun túis a loscadh do dhéithe eileagus oibreacha a lámh féin a adhradh.

17 Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic.Éirigh agus abair leo gach a n‑ordaímse duit.Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise,ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise.

18 I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniucathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práisin aghaidh na tíre seo go hiomlán,in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí,a sagart agus mhuintir na tíre.

19 Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce -is é an Tiarna a labhraíonn.”