Irimia 50 ABN

Oracal in Aghaidh na Bablóine -- agus Fuascailt Iosrael

1 An briathar a labhair an Tiarna in éadan na Bablóine, in éadan tír na gCaildéach, trí Irimia fáidh.

2 “Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é:ná ceiligí é, abraigí:‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe,tá Marodac ina smionagar.(Tá a híola náirithe,a dealbha gránna ina smidiríní.)’

3 Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart,a dhéanfaidh a tír ina fásach;ní bheidh cónaí ag duine ann feasta;thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.

4 Sna laethanta sin agus san am sinfillfidh clann Iosrael;tiocfaidh siad agus iad ag golag lorg an Tiarna a nDia féin.

5 Iarrfaidh siad an tslí go Síón;beidh a n‑aighthe sa treo sin:‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarnai gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’

6 Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa;chuir a dtréadaithe ar seachrán iad,d'fhág ar fán iad ar na sléibhte;d'imigh siad ó shliabh go cnocag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.

7 Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad;dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é;mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarnaa gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’

8 Éalaígí amach as an mBablóin,gabhaigí amach as críoch na gCaildéach.Imígí! Gníomhaigí mar na gabhair fhireanna;bígí i gceann na dtréad.

9 Féach, táimse ag déanamh comhcheangailde náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine.Tiocfaidh siad ón tír thuaidh,cuirfidh iad féin in ordú ina héadan;tógfar i láimh ansin í;tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach;ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.

10 Beidh Caildéa ina creach;gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách.

11 Déanaigí lúcháir, más áil libh!Beirigí bhur gcaithréim,a chreachadóirí m'oidhreachta!Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach!Déanaigí seitreach ar nós staile!

12 Ach tá náire shaolta ar bhur máthair,tá míchlú ar an mbean a rug sibh;tá sí ar an náisiún is lú anois;ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh.

13 Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti;déanfar fásach folamh di.Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin;ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.

14 Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine,tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha.Caithigí! Ná coigligí saigheada.

15 Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di.Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha!Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi!Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.

16 Tóg ón mBablóin an síoladóir,agus fear an chorráin san fhómhar.Éalaígí ón gclaíomh millte,déanadh gach duine ar a dhaoine féin,teitheadh gach fear dá dhúiche féin.

17 Ba chaora seachráin é Iosrael,agus na leoin sa tóir air.“Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.

18 Uime sin - mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre.

19 Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh;biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán,gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.

20 Sna laethanta sin agus san am sin,lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann,agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil.Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.

21 Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím,téigí ina héadanagus in éadan áitritheoirí Phacód;lorgaigí iad; beartaígí an claíomh;milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn.Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.

22 Tá torann catha ar fud na tíre,léirscrios millteach.

23 Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríníord buailte sin na talún uile? Céard seo!Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóina bheith ina huafás i measc na náisiún?

24 [Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thúar an uair nach raibh súil agat.Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú,mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.

25 D'oscail an Tiarna a armlannagus thug amach airm a dhíoltais.Óir tá obair le déanamh ag an Tiarna, Dia na Slua,i dtír na gCaildéach.

26 Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile;brisigí agus osclaigí a hiothlanna,cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair.Cuirigí faoin mbang í.Ná fágtar aon ní di.

27 Maraígí a daimh uile;síos leo go dtí an seamlas!Mairg dóibh, tá a lá tagtha,aimsir a gcuarta.

28 Éistigí! Tagann teifigh agus daoine ar a gcoimeádamach as tír na Bablóine,a fhoilsiú díoltas an Tiarna ár nDia i Síón.”

Peaca an Uabhair

29 “Gairigí i gceann a chéilena boghdóirí in aghaidh na Bablóine!Sibhse uile a shíneann an boghasuígí timpeall uirthi;ná bíodh aon dul as aici.Cúitígí léi de réir a saothair;déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí;cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna,in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

30 “Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.

31 Is chugatsa atáim, a uaibhrigh!An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn;tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.

32 Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí;ní thógfaidh duine ar bith suas í;lasfaidh mé tine ina bailte;loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”

Slánaitheoir Iosrael

33 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom,na daoine uile a ghabh i láimh iad,coinnníonn siad go daingean iad,ní ligeann dóibh imeacht.

34 Ach is láidir a slánaitheoir:Tiarna na Slua is ainm dó.Is é atá ag tagairt a gcúise;tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh,ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.

35 Claíomh do na Caildéigh- an Tiarna a labhraíonn -do áitritheoirí na Bablóine,dá ceannairí agus dá saoithe!

36 Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu!Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad!Claíomh dá heachra agus dá carbaid.

37 Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár;go mba cosúil le mná iad!Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!

38 [Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc.Óir is í tír na n‑íol í;tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol.

39 Uime sin déanfaidh cait fhiáine agus seacáil cónaí inti:beidh cónaí ag ostraisí inti.Ní áitreofar arís go brách í,ach leanfaidh sí folamh ó aois go haois.

40 Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,mar aon leis na bailte comharsan- an Tiarna a labhraíonn -ní fhanfaidh duine ann níos mó,ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”

An Namhaid Aduaidh agus Leon na Iordáine

41 “Anois tá cine ag teacht ón tuaisceart, cine móró chríocha imigéiniúla na talúntá ríthe ag gluaiseacht;

42 troideann siad le bogha agus ga;tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraigetá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.

43 Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine;titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air,pian mar a bheadh ar bhean in íona.

44 Féach, cé mar a thagann an leonaníos as mothar na Iordáinechuig an féarach marthanach!Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.Óir cé is cosúil liom?Cé a fhéadann mise a chiontú?Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

45 Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna,atá socair aige in éadan na Bablóine,an plean atá beartaithe aigein éadan tír na gCaildéach:Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad.Ar a fheiceáil sin dóibh,beidh a dtréad ar ballchrith.

46 Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine,agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.”