Irimia 51 ABN

Cothaíonn an Tiarna Cogadh in Éadan na Bablóine

1 Is mar seo a deir an Tiarna:“In aghaidh Chaildéadúiseoidh mé spiorad adhmhillte;

2 Seolfaidh mé lucht cáite don Bhablóin;cáithfidh siad í agus fágfaidh a dúiche folamh;óir ionsóidh siad í ó gach taobh lá an bhasctha.

3 Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha!Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach!- Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga!Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile!

4 Titfidh na mairbh i gcríoch na gCaildéach,agus an lucht gonta ar na sráideanna.

5 Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia,Tiarna na Slua.Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaíin aghaidh Aon Naofa Iosrael.

6 Téigí amach as an mBablóin(sábháileadh an uile dhuine a anam);ná cailltear sibh féin ina tubaiste,óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna.Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.

7 Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna;chuir sí an talamh uile ar meisce;d'ól na náisiúin cuid dá fíonagus d'imigh ansin le báiní.

8 Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste;nuailligí ar a son!Téigí ar lorg íoca dá créachta;b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!

9 ‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine;ach níor tháinig uirthi biseach.Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh;ardaítear é chun na spéartha.

10 Dhearbhaigh an Tiarna ár bhfíréantacht.Tagaigí, foilsímis i Síónbearta an Tiarna ár nDia.

11 Bioraigí na saigheada,líonaigí na bolgáin!“Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.

12 Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine!Neartaigí an garda!cuirigí na fir faire ina láithreacha!Gléasaigí na luíocháin!Óir rinne an Tiarna beart,agus chaith sé le cathróirí na Bablóinefaoi mar gheall sé.

13 Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí,agus a thaisceann stór agus maoin,tá do chríoch tagtha anois,agus deireadh do shladaireachta.

14 Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua:Dá mba é gur líon mé thú le firmar na lócaistí ar a líonmhaire,thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!

15 Is é a rinne an talamh lena chumhacht;is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.

16 Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainne,agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

17 Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n‑aon;deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh,óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.

18 Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.

19 Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.”

Ord an Tiarna agus an Sliabh Millteach

20 “Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh.Is leatsa a threascair mé na náisiúin,a leag mé na ríochtaí.

21 Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach,an carbad agus an carbadóir;

22 is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta,an t‑ógánach agus an cailín,

23 is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad,an treabhadóir agus a sheisreachna huaisle agus na fir cheannais.

24 “Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.

25 Is leatsa a dhéanaim achrann,a shliabh mhilltigh,- an Tiarna a labhraíonn -a mhilleann an talamh uile!Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh,agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thúagus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.

26 Ní thógfaidh siad cloch choirnéil díot choíche,ná cloch bhunaidh ach an oiread,óir beidh tú i do fhásach go deo- an Tiarna a labhraíonn.”

Briseadh na Bablóine in aice Láimhe

27 “Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain;séidigí an stoc i measc na náisiún,ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh;gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan:Ararat, Minní, Aisceanáz;glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt!Ordaígí don mharcshlua teacht suas,go colgach ar nós na lócaistí.

28 Gríosaigí náisiúin chun cogaidh ina héadan;[rí] na Méide gona fhir cheannais,a thiarnaí agus na tíortha uile faoina réim.

29 Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith,mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóineá chur i gcrích:a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.

30 Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid;tá siad ag fanacht ina ndaingind'fheall a neart orthu;tá siad amhail mná anois.Tá a tithe cónaithe trí thine,a geataí briste ó chéile.

31 Tá teachtaire ar leanúint teachtaire,giolla sna sála ar ghiollachun a rá le rí na Bablóinegur gabhadh a chathair ó gach taobh;

32 go bhfuil seilbh ar na háthanna,agus tine leis na dúnta,go bhfuil scéin ar na fir throda in éineacht.

33 Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailtenuair a bhítear ag pasáil air;tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”

Díoltas an Tiarna

34 “D'ith sé mise, d'alp sé mé,rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar];rinne sé soitheach folamh díom,shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan,líon sé a bholg de mo shólaistí.”

35 “Go gcúitítear leis an mBablóinan foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!”a deir muintir Shíón.“Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!”a deir Iarúsailéim.

36 Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna:“Tagraímse féin do chúisle go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon.Triomóidh mé a habhainn,fágfaidh mé a foinsí tirim.

37 Beidh an Bhablóin ina carnán cloch,ina háit chónaithe ag seacáilina huafás agus ina scige,gan duine ná deoraí inti.

38 Búireann siad le chéile ar nós leon,drantaíonn ar nós coileáin leoin.

39 An bhfuil fiabhras orthu?Ullmhóidh mise deoch dóibhagus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnachagus codlóidh siad go síoraí,ní mhúsclóidh siad go deo- an Tiarna a labhraíonn.

40 Tabharfaidh mé anuas go dtí an seamlas iad,amhail uain chun a marfa,amhail reithí agus gabhair fhireanna.”

Marbhna ar son na Bablóine

41 “Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadhí siúd a bhí i mbéal an tsaoil?Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún?

42 Tháinig an fharraige aníos ar an mBablóin,téann sí faoi na tonnta tolgacha.

43 Tá a bailte ina bhfásach,in a bhfearann loiscthe, ina ndíthreabh;ní chónaíonn duine iontu;ní thagann fear an bealach sin.”

Smachtú na nÍol

44 “Smachtóidh mise Béil sa Bhablóinagus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé.Ní bheidh na náisiúin a thuilleadhag teacht chuige ina scuaine.Tá balla na Bablóine ar lár.

45 A phobal liom, imígí amach aisti;saoradh gach duine agaibha anam féin ó fhearg dhíscir an Tiarna

46 Ach ná bígí go tromchroíoch!Ná scanraígí le gach scéala bhíonn á reic ar fud na tíre:iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn;tá foréigean in uachtar ar talamhagus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.

47 Féach, tá na laethanta ag teachta dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine.Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad,agus a mairbh uile sínte ina lár.

48 Ansin gairfidh neamh agus talamhagus gach a bhfuil iontu,le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin,óir tá na scriosadóirí ón tuaisceartag teacht ina héadan - an Tiarna a labhraíonn.

49 Ní mór don Bhablóin titim ar a seal,mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael,mar is tríd an mBablóin a thitan oiread sin marbh ar dhroim na talún.

50 Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh,imígí romhaibh, ná fanaigí ansin.Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin,agus tagadh Iarúsailéim in bhur n‑intinn.

51 ‘Tugadh náire dúinn nuair a chualamar an scannal,d'fholaigh náire ár n‑aighthe;mar ghabh eachtrannaigh isteach i sanctóirTheampall an Tiarna.’

52 Féach, tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraíonn -a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola,agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.

53 Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe,nó dá neartódh sí a dúnfort buacach,ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóiríar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.

54 Éistigí le héamh ón mBablóin,agus tormán millteach ó thír na gCaildéach!

55 Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine,ag sochtadh a gleo urghránna;ní miste di búirthíl a tonntaamhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad.

56 Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin,tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste.Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta;cúitíonn sé go hiomlán.”

Scrios na Bablóine

57 “Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól,ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda;titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad,a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”

58 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine,agus loiscfear le tine a geataí arda.Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníochais í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”

59 Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.

60 Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.

61 Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: “Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir.

62 Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’

63 Nuair a bheidh an leabhar seo léite agat as ceann a chéile, ceanglóidh tú cloch de agus teilgfidh tú i lár an Eofrataes é,

64 á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ”Deireadh anseo le briathra Irimia.