Irimia 40 ABN

Scéal Irimia ar Leanúint

1 An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin.

2 Ansin thóg ceannaire an gharda Irimia i leataobh agus dúirt leis: “Is é an Tiarna do Dhia a d'fhógair an t‑olc ar an tír seo;

3 anois tá sé tugtha i gcrích aige. Rinne an Tiarna de réir a bhriathair, óir pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna agus níor umhlaigh dá ghuth; mar sin tháinig seo oraibh.

4 Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann.

5 Féadfaidh tú, mar shampla, dul ar ais go Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dá ndearna rí na Bablóine rialtóir ar bhailte Iúdá, agus cónaí a dhéanamh ina fhochair i measc an phobail; nó imeacht leat go dtí do rogha áit.” Ansin thug ceannaire an gharda liúntas bia dó agus bronntanas, agus lig dó imeacht.

6 Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír.

Gadailiá agus a Bhású

7 Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin,

8 chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.

9 Mhionnaigh Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dóibh sin agus dá muintir: “Ná bíodh eagla oraibh,” ar sé, “géilleadh do na Caildéigh; ach cónaígí sa tír agus umhlaígí do rí na Bablóine, agus rachaidh sé go maith daoibh.

10 Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”

11 Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,

12 d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.

13 Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá,

14 agus dúirt leis: “An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?” Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad.

15 Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: “Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?”

16 Ach dúirt Gadailiá mac Aichíceám le Ióchánán mac Cháiréach: “Ní dhéanfaidh tú a leithéid; óir is bréag a chuireann tú ar Ísmeáéil.”