Irimia 49 ABN

Amón

1 I dtaobh chlann mhac Amón.Is mar seo a deir an Tiarna:“Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael?Nach bhfuil oidhre ar bith aige?Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghádagus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?

2 Uime sin tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraíonn -ina dtabharfaidh mise faoi dearacaismirt chogaidh a chloisteáilin aghaidh Rabat na nAmónach;beidh sí ina cairn uaigneach,dófar a hiníonbhailte go talamh.Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd- an Tiarna a labhraíonn.

3 Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.]Golaigí os ard, a iníonacha Rabá!Gabhaigí sibh féin i sacéadach,caoinigí in ard bhur gcinn,siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha].Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht,mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

4 Maíonn tú as do ghleann,a chailín mhístuama!Go teann agus go dána deir tusa:‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’

5 Ach tabharfaidh mise anuas ortimeagla ó gach taobh;díbreofar chun siúil thú,gach aon fhear ina shlí féin,agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.

6 “Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.”

Eadóm

7 I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna:“An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán?Ar imigh a chomhairle ón [nglic]?An ndeachaigh a eagna ar neamhní?

8 Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán!Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau,nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.

9 Má thagann lucht bainte caor chugat,ní fhágfaidh siad caora díolama;Má thagann gadaithe san oíche,sladfaidh siad go suaimhneach.

10 Óir is mise atá ag lomadh Éasau,nochtaimse a áiteanna folaithe,go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt.Scriosadh a shíol: tá deireadh leis!Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:

11 ‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo,bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”

12 Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!

13 Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”

14 Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna,seoladh teachta chun na náisiún trí chéile:“Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo!Éirígí chun catha!”

15 Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún,tarcaisneach i measc daoine.

16 Mheall cáil na fíochmhaire thú,chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a ghreamaíonn d'airde na gcnoc!Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar,theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

17 Beidh Eadóm ina fhásach; beidh uafás ar gach aon dá ngabhann an tslí, agus ligfidh fead iontais faoina leithéid de thubaiste.

18 Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.

19 “Féach, cé mar a thagann an leonaníos as mothar na Iordáinechuig an féarach marthanach!Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.Óir cé is cosúil liom?Cé a fhéadann mise a chiontú?Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.

20 Mar sin éistigí le comhairle an Tiarnaatá socair aige in éadan Eadóm,an plean atá beartaithe aigein éadan áitritheoirí Théamán:Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad,ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.

21 Corrófar an talamh le torann a dtitime;beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach.

22 Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair,a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá.Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sinmar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”

Bailte na Síre

23 I dtaobh na Damaisce:“Tá mearbhall ar Hamát,mar an gcéanna le hArpad;chuala siad drochscéala.Tá a gcroí [breoite le teann eagla].Ní féidir iad a shuaimhniú.

24 Tá an Damaisc gan mhisneach,ullmhaíonn sí chun teitheadh,tá sí ar crith,(gabhann dobrón agus doilíos ímar a bheadh bean in íona).

25 Céard seo! An baile cáiliúil sin ina fhásach,cathair sin na meidhre?

26 “Ar an ábhar sin titfidh a fir óga ina sráideanna, agus éagfaidh an uile fhear cogaidh aici ar an lá sin. Is é Tiarna na Slua a labhraíonn.

27 Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce;slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”

Na Treibheanna Arabacha

28 I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna:“Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar,scriosaigí clann mhac an oirthir!

29 Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada;tógtar a mbratacha agus a soithí uile,agus freisin a gcuid camall.Déantar fógairt dóibh:‘Eagla ar gach uile thaobh!’

30 Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh,A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn.Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n‑éadan,tá comhairle ar a aigne aige in bhur n‑éadan:

31 “Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh,atá beo go muiníneach- an Tiarna a labhraíonn -nach bhfuil geataí acu ná barraí,a chónaíonn san uaigneas!

32 Beidh a gcamaill ina n‑éadáil,agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad,na bearracháin sin,agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh- an Tiama a labhraíonn.

33 Beidh Hazór ina bhrocais seacál,ina fhásach go brách,ní fhanfaidh aon duine ann níos mó,ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”

Éalám

34 Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá.

35 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh.

36 Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaothaó cheithre airde neimhe,“agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu.

37 “Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás.Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin.Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh,go gcuirfidh mé deireadh leo.

38 Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám,agus glanfaidh mé as rí agus uaisle- an Tiarna a labhraíonn.“Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.”