Irimia 6 ABN

Tuilleadh faoin Ionradh

1 Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár IarúsailéimSéidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim!Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart,díobháil mhór.

2 An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáidle féarach cumhra?

3 Tagann aoirí lena dtréada ina coinne.Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi.Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.

4 “Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm!Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,”“rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn,tá néalta nóna ag síneadh.”

5 “Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oícheagus scriosfaimid a páláis.”

6 Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Gearraigí síos na crainn,tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim;is í Cathair na mBréag í,gan inti ina lár ach leatrom.

7 Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr,coinníonn sise a mailís úr.Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti;i mo fhianaise i gcónaíbíonn galair agus cneácha.

8 Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,ar eagla go n‑iompóinn uait,agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.

9 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Deasc fuíoll Iosrael,deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,cuir do lámh arís sna craobhacha.”

10 Cé leis a labhróidh mise,cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,ní fhéadann siad éisteacht.Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,níl dúil acu ann.

11 Tá mé lán d'fhearg an Tiarnatáim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht.Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.

12 Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,a bhfearann agus a mná in éineacht.Sínfidh mise amach mo lámhar dhúchasaigh na tíre seo- an Tiarna a labhraíonn.

13 Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,ón té is lú go dtí an té is mó;an sagart agus an fáidh araon,déanann siad uile bearta bréagacha.

14 Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,ach níl aon síocháin ann.

15 Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu- a deir an Tiarna.”

16 Is mar seo a deir an Tiarna:“Seasaigí i mbealaí an tseansaoilcuirigí tuairisc na seanchasáncé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansinagus gheobhaidh sibh suaimhneas.Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

17 Chuir mé fir faire ar mhaithe leo:éistigí le glor an stoic!Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’

18 Cluinigí mar sin, a chiníocha,bíodh a fhios agaibh, a oireachtais,céard tá i ndán dóibh.

19 Éist, a thalaimh,táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo:de bhrí nár éist siad le mo bhriathra,agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.

20 Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá,nó giolcóg chumhra ón imigéin?Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe,ní milis liom bhur n‑íobairtí.

21 Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna:‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seole go dtitfidh siad orthu;an t‑athair agus an mac in éineacht,an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”

22 Is mar seo a deir an Tiarna:“Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh,ó chríocha imigéiniúla na talúngluaiseann náisiún mór;

23 tá bogha agus gath i ngreim acu,tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige;tá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d'aghaidhse, a iníon Shíón.

24 Chualamar an scéala;titeann ár lámha go faonlag,rug doigh greim orainn,pian mar a bheadh ag bean le híona.

25 Ná himígí amach faoin tuath,ná siúlaigí ar na bóithre,óir tá claíomh an namhad ann,agus scanradh ar gach aon taobh.

26 Crioslaigh thú féin i sacéadach,ó a iníon mo dhaoine,únfairtigh thú féin i luaithreach,déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic,caoineadh róghéar.Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.

27 Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal,le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n‑iompar.

28 Is tréigtheoirí ceanndána iad uile,ag siúl rompu le lucht tromaíochta.

29 Séideann na boilg go fíochmhargo ndéana an tine an luaidhe a dhó.Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar,ní ghlantar an conamar as.

30 Airgead diúltaithe a thugtar orthu,agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”