Irimia 46 ABN

Oracail in Aghaidh na Náisiún (cf. 25:14)

1 Briathra an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na náisiún.

An Éigipt

2 Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.

3 “Gléasaigí an chruinnsciath, agus an sciath!Tugaigí aghaidh ar an gcath!

4 Úmaigí na heacha;sa diallait, a mharcslua!In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh!Déanaigí líofa na gatha;cuirigí oraibh bhur lúireacha!

5 Céard a fheicim?Tá siad scanraitheagus ag filleadh ar a gcúl!Na daoine is fearr orthu buailte siar,iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn,gan dearcadh siar,eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.

6 Níl slánú don té is luaithe;ní ligfear an té is cróga as;ansin sa tuaisceart, lámh le habhainn Eofrataes,faigheann siad tuisle agus titeann siad.

7 Cé a d'éirigh suas ar nós na Níle,a bhfuil a uisce ag corraí mar thuile?

8 Airiú, nach í an Éigipt a d'éirigh ar nós na Níleagus a huiscí ar fiuchadh mar thuile.‘Éireoidh mé,’ ar sí, ‘agus báfaidh mé an talamh;scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí!

9 Ar aghaidh, a eachra!buailigí a charbada!ionsaígí, a fheara;a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath,a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!’

10 Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua,an lá a agróidh sé a dhíoltasslogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é,cuirfear ar meisce é lena bhfuil.Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua,sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.

11 Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca,a mhaighdean, a iníon na hÉigipte!Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas;níl leigheas i ndán duit.

12 Chuala na náisiúin faoi do náire,líonann an caoineadh duit an talamh;óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh,agus thit siad araon in éineacht.”

13 An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n‑ionsóidh sé tír na hÉigipte.

14 “Foilsígí é san Éigipt!Fógraígí i Migdeol!Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes!Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’óir slogann an claíomh máguaird oraibh.

15 Céard seo! Ar theith [Aipis]?Nár sheas do cheann láidir go daingean?

16 Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é!Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár!Ansin ar siad lena chéile:‘Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin,go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!’

17 Tabhair an t‑ainm seo ar Fhorann:Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!

18 Mar a mhairimse - a deir an rídarb ainm Tiarna na Slua -Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhteagus Cairmeil os cionn na farraige,is mar sin a thiocfaidh sé.

19 Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht,a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile!Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.

20 Ba bhodóg bhreá an Éigipt,ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart.

21 Na hamhais a bhí aici ar tuarastal,a bhí slíoctha ar nós laonna biata,thug siad do na bonna é;ní sheasann siad ach teitheann in éineacht;óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.

22 Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe!Sea, tagann siad, líon a slua,ag tabhairt fúithi le tuanna,ar nós buanaithe connaidh,

23 leagfaidh siad a foraois -is é an Tiarna a labhraíonn.Sea, tá [siad] thar áireamh,níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.

24 Tá iníon na hÉigipte á náiriú,á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.”

25 Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.

26 Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód - is é an Tiarna a labhraíonn.

27 Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib,ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,agus do shliocht as tír a ndaoirse.Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneasagus mairfidh go sóúil,ní chuirfidh aon duine eagla air.

28 Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib,- an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat.Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uilemar ar scaip mé thú.Ní chuirfidh mé deireadh leatsa,ach smachtóidh mé thú go measartha,le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”