Irimia 20 ABN

Teaglaim de Fhaoistiní Irimia

1 Anois chuala Paischiúr mac Iméar an sagart, a bhí i gceannas na bpóilíní i dTeampall an Tiarna, an tairngreacht seo á déanamh ag Irimia.

2 D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.

3 An lá dár gcionn d'ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t‑ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás.

4 Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.

5 Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.

6 Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’ ”

7 Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;rug tú bua orm; ba thú ba threise.Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,is ceap magaidh mé ag gach aon duine.

8 Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orma fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsaagus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.

9 Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,í dúnta istigh i mo chnámha.Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.Ní fhéadaim é a fhulaingt.

10 Cluinim mórán do mo tharcaisniú:“Eagla ar gach aon taobh!Sceithigí air! Sceithimis air!”Ag a raibh de chairde agam uairbhí súil in airde le mo threascairt:“Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua airagus imreoimid díoltas air!”

11 Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach;ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe;ní chloífidh siad mé;brisfear orthu;beidh siad trína chéile,ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.

12 Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,a ransaíonn na háranna agus an croí,feicim do dhíoltas orthumar is duitse a d'fhoilsigh mé mo chúis.

13 Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna,óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

14 Gura mallaithe an lá a rugadh mé,nára beannaithe an lá a rug mo mháthair mé!

15 Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m'athar:“Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach.

16 Bíodh an fear sin cosúil leis na bailtea scrios an Tiarna gan trócaire;go gcluine sé an scread ar maidin,agus an gháir chatha ar uair an mheán lae,

17 de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn,go mbeadh mo mháthair ina huaigh agamfad a bheadh a broinn torrach orm.

18 Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh,a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíosagus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?