Irimia 42 ABN

An Teitheadh don Éigipt

1 Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,

2 agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -

3 go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.”

4 D'fhreagair an fáidh Irimia: “Cluinim sibh; guífidh mé go cinnte chun an Tiarna bhur nDia de réir bhur mbriathar; agus cibé ar bith ní a fhreagróidh an Tiarna bhur nDia foilseoidh mé daoibh é; ní choinneoidh mé aon ní ar gcúl uaibh.”

5 Dúirt siadsan le Irimia: “Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n‑aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n‑orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa.

6 Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.”

7 Tar éis deich lá tharla go dtáinig briathar an Tiarna go Irimia.

8 Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór.

9 Dúirt sé leo: “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n‑achainí dó:

10 ‘Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh.

11 Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe - a deir an Tiarna - óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh.

12 Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin.

13 Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia,

14 á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí.

15 Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:

16 Má chuireann sibhse bhur n‑aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n‑eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin.

17 Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu.

18 Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”

19 [D'fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.

20 Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’

21 Agus anois d'fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d'aon ní den mhéid a d'ordaigh sé dom a rá libh.

22 Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n‑éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.”]