Irimia 41 ABN

1 Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá,

2 d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.

3 Agus mharaigh Ísmeáéil freisin a raibh de Ghiúdaigh a bhí ag an bhfleá, in éineacht leis na Caildéigh a tharla a bheith ansin i Miozpá (fir chogaidh iadsan).

4 Tharla an lá tar éis marú Ghadailiá, ach gan a fhios ag duine ar bith,

5 go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.

6 Chuaigh Ísmeáéil mac Natainiá amach as Miozpá ina n‑araicis ag gol dóibh ag teacht. Nuair a casadh orthu é dúirt sé leo: “Tagaigí go Gadailiá mac Aichíceám.”

7 Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad - é féin agus a chuid fear.

8 Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: “Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith - cruithneacht agus eorna, ola agus mil.” Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha.

9 An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.

10 Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh.

11 Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá,

12 bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón.

13 Nuair a chonaic a raibh de dhaoine i bhfochair Ísmeáéil, Ióchánán mac Cháiréach chucu agus ceannairí uile an airm in éineacht leis, bhí siad tharstu féin le teann lúcháire.

14 An pobal uile a rug Ísmeáéil i láimh as Miozpá, d'iompaigh siad timpeall agus chuaigh anonn go Ióchánán mac Cháiréach.

15 D'éalaigh Ísmeáéil mac Natainiá ó Ióchánán mar aon le hochtar fear agus theith go dtí na hAmónaigh.

16 Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón.

17 Chuir siad chun bóthair agus lig scíth ag Can Cimeam in aice le Beithil. Bhí rompu déanamh ar an Éigipt

18 i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír.