Irimia 22 ABN

1 Is é a dúirt an Tiarna: “Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin.

2 ‘Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach.

3 Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.

4 Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir.

5 Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidh an pálás seo ina fhásach.

6 Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:Ba Ghileád thú agamsa,Ba bheann de chuid na Liobáine thú;mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,baile gan áitritheoir ann.

7 Tá fir do mhillte tofa agam,ag gach uile fhear acu tá a thua;gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat,agus teilgfidh sa tine iad.

8 “ ‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo?

9 Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’

10 Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é.Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh,óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo,ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.

11 “Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó

12 ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”

In Aghaidh Iahóiácaím

13 “Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart,agus a sheomraí uachtair le héagóir,a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal,agus nach n‑íocann é ar son a shaothair,

14 a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsingle seomraí leathana in airde’,a ghearrann fuinneoga amach anna chumhdaíonn sé le céadaragus a phéinteálann le flanndearg.

15 An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair?D'ith d'athair agus d'ól sé, mar a dhéanann tusa,ach chleacht seisean macántacht agus ceart;mar sin bhíothas go maith aige.

16 Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh,ansin bhíothas go maith aige.Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.

17 Ach níl do shúilese ná do chroíach ar son do shainte féin,a dhoirteadh fuil neamhchiontaighagus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”

18 Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá:“Bás don fhear sin! Ná caoinigí é:‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’Ná caoinigí ar a shon:‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’

19 Adhlacfar é le hadhlacadh asail,á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amachas geataí Iarúsailéim.”

In Aghaidh Iahóiácaím

20 “Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh,tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall,óir do scriosadh d'aos grá uile!

21 Labhair mise leat i do shonas,ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’Ba é seo do bhéasa ó d'óige;níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.

22 Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uilego malairt féaraigh;rachaidh d'aos grá i mbraighdeanas.Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anoisag smaoineamh duit ar do chionta uile.

23 Tusa a rinne cónaí sa Liobáin,a neadaigh i measc na gcéadar,cé mar a dhéanfaidh tú cneadachnuair a thiocfaidh na doitheacha ort,an phian amhail bean in íona.”

24 “Faoi mar a mhairim - an Tiarna a labhraíonn - dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é.

25 Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach.

26 Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás.

27 Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”

28 An pota briste, beagmhaitheasach é,an fear seo Coiniá,an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?Cad chuige ar teilgeadh amach iad,é féin agus a shliocht,ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?

29 Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh,éist le briathar an Tiarna!

30 Is mar seo a deir an Tiarna“Scríobhaigí an fear seo faoin teideal:gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta,óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliochtsuí i ríchathaoir Dháiví,ná rialú arís in Iúdá.”